Portada

ROCABILLIE BALOR IBD

THE ONSLAUGHT PRESS
10 / 2019
9781912111848

Sinopsis

Aitinsint dhrámatúil ar cheann de sheanscéalta Chloich Cheann Fhaola atá anseo. An choimhlint idir Lugh Lámhfhada agus a sheanathair Balor na Súile Nimhe is ábhar don dráma véarsaíochta seo. Ní bheifeá ag súil lelagaithris ar an ghnáthinsint ó scríbhneoir chomh ceisteach le O Searcaigh agus tá a shliocht sin ar an leagan dúshlánach seo. Anseo éiríonn leis dearcadh úr agus fuinneamh spleodrach a chruthú agus é ag déanamh ceangail idir sheanscéal iomráiteach óna dhúiche agus ealaín bheo chomhaimseartha na hamharclainne.